Advertisement
Ó Bhéal na mBan - Irish Female...

SPIN South West

Ó Bhéal na mBan - Irish Female Poets

Listen to this episode


Louise Cantillon
Louise Cantillon

12:48 17 Apr 2021


Share this article


Tá grúpa nua banfhilí óg darb ainm Ó Bhéal na mBan bunaithe le gairid.

Tá an grúpa tiománta i dtreo filíocht na Gaeilge agus filíocht dáththeangach a scáipeadh, le béim spéisialta ar fhilíocht na mban.

Tá ochtar iníon léinn sa ghrúpa: Ava Ní Loinsigh, Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin, Caitríona Ní Chonaill, Aifric Ní Scolaí, Lauren Murphy, Saoirse Ní Argáin, Niamh de Brún agus Aimée Ní Chonaing. Beidh an grúpa ag comhoibriú le hÉigse Éireann fá choinne Féile Lae Éigse Éireann (Poetry Day Ireland).

Beidh dhá imeacht á reachtáil acu chun ómós a thaispeáint de na banfhilí tríd na blianta agus chun spreagadh a thabhairt do na nuafhilí a n-obair a chur amach i mbéal an phobail.

Beidh ceardlann filíochta agus ómós de na banfhilí tríd na blianta ag tarlú ar an 24ú Aibreán ag 7 i.n tharr zúm. Beidh an dara imeacht ag tarlú ar an 29ú Aibreán ag 7 i.n le hÁine Ní Ghlinn, Celia de Fréine agus Ciara Ní É ag tabhairt cainte uathu ar a saol is a saothar agus seisiún plé i ndiaidh. Chomh maith leis sin, tá comórtas filíochta á reachtáil acu le duaiseanna iontacha le buachaint. Beidh na haoichainteoirí thuas ag déanamh moltóireachta ar an gcomórtas.


Share this article


Read more about

As Gaeilge Poetry