Shows

Pop Raidió with Emily Anne Rennisson

Is breá liom a bheith ag caint ach ní maith liom a bheith ag labhairt liom féin (má tá aithne agat orm stad leis an ngáire anois!!!) ach déanfaidh mé iarracht ar aon nós. Is as Luimneach mé agus is aoibhinn liom ceol agus ag caint (ar luaigh mé é sin cheana féin?) mar sin oireann an clár dom go huile agus go hiomlán! 
Is aoibhinn liom mo phost(anna) (múinim in Ollscoil Luimigh chomh maith). Nílim sásta muna bhfuilim ag obair agus cén dochar??? Féach ar na pictiúir... Dara Ó Briain, Clint Velour agus mo ghrá geal Shayne Ward nó Wardy (an leas ainm a úsáideann a chairde is fearr).
Clár bríomhar beo as Gaeilge atá ann agus bíonn an-chraic agam ag léamh bhur dtéacsanna, ag cabhrú libh le gach aon fhadhb, mór nó beag agus ag seinm ceoil den scoth! Braitheann an ceol go léir oraibhse, an lucht éisteachta. Mar sin, seolaigí isteach bhur n-iarrtais i gcomhair na hamhráin is fearr libh gach satharn (as Gaeilge nó Béarla) ar 085-7102103 agus bígí ag faire amach le haghaidh an ceol is déanaí sna cairteanna. Bíonn Pop Raidió ar siúl gach maidin Satharn 10.45am - 12.45 pm.
Is maith liom: Seacláid, seacláid, seacláid!!!
Ní maith liom: nuair a bhíonn leadrán orm!
Is aoibhinn liom: asail!
Is fuath liom: Muisiriúin....yuck!!!
Nuair a bhím ag taisteal ar fud an domhain nó ag pleidhcíocht timpeall na háite bíonn an cailín álainn, aisteach, eirimiúil i m'áit.... Seo Bríd!
Go raibh maith agat Emily Anne. Tabharfaidh mé an t-airgead duit níos déanaí. Cinnte táim aisteach ach n'fheadar faoi na molltaí eile! Is mac léinn síoraí mé. Nuair nach mbím ag utamáil timpeall MIC (táim ann le seacht mbliana anois agus ní dochtúir mé go fóill!!) bím anseo i Spin ar gach aon chlár ag baint taitnimh as an gceol agus bhur gcuideachta!
Is maith liom: aon saghas bunnaí
Ní maith liom: igne briste agus geansaithe olanna
Is aoibhinn liom: An Daingean!
Is fuath liom: páirc shiamsaíochta!

Pop Raidió
10:45-13:45
Saturday

Text: 085 7102 103
Tel: 1850 333 444

Request a Song

Receive Promo's & Offers

Email the DJ

Receive Promo's & Offers

footer